Tá clú agus cáil ar Shibéal Davitt as a cuid rince agus as a cuid ceoil, agus í le feiceáil ar leithéidí ‘Centenary’ ar RTÉ agus ‘Glas Vegas’ ar TG4 roimhe seo. Múinfidh sí céimeanna bríomhara bunaidh an tsean-nóis do pháistí. Beidh go leor spraoi, cluichí, gluaiseachtaí, gáire, agus deis do na páistí céimeanna iontacha dá gcuid féin a chruthú agus a léiriú. Caithfidh tuismitheoirí/caomhnóirí fanacht ar an láthair agus fáiltítear rompu páirt a ghlacadh!